skip to main content

Liz Truss éirithe as mar Phríomh-Aire na Breataine

Liz Truss i Sráid Downing tráthnóna
Liz Truss i Sráid Downing tráthnóna

Tá Liz Truss éirithe as mar Phríomh-Aire na Breataine agus gan ach 45 lá caite aici sa phost.

I ráiteas, dúirt Liz Truss go raibh sí ag éirí as mar Phríomh-Aire agus mar cheannaire an Pháirtí Chaomhaigh mar nach raibh sí in ann na gealltanais a thug sí nuair a ceapadh í a chur i ngníomh.

Thug sí le fios gur labhair sí ar maidin le cathaoirleach Choiste 1922 na gCaomhach Graham Brady faoin scéal agus gur shocraigh an bheirt acu go dtoghfaí ceannaire nua ar an bPáirtí Caomhach, agus dá réir sin Príomh-Aire nua, faoi dheireadh na seachtaine seo.

Tuigtear ag an tráth seo go mbeidh Rishi Sunak agus Penny Mordaunt i measc na n-iarrthóirí.

Dealraítear nach bhfuil sé as an áireamh go mbeadh an t-iar-Phríomh-Aire Boris Johnson san iomaíocht chomh maith, cé go bhfuil sé fós ag déanamh aithrí ó fuair sé a thópar sa samhradh.

Is i bhfianaise na corraíola polaitiúla i measc na gCaomhach le roinnt seachtainí atá Liz Truss éirithe as oifig.

Baineann an scéal ó thús le neamhghlacadh na margaí airgeadais le polasaithe fioscacha Liz Truss agus iar-Sheansailéir an Státchiste Kwasi Kwarteng ar bhris sí as a phost é an tseachtain seo caite.

De réir na bpolasaithe sin, atá caite i gcártaí ó shin, bhíothas le raon leathan ciorruithe cánach a thabhairt isteach agus tuilleadh earnálacha den gheilleagar a dhírialú, agus é i gcuspóir borradh úr eacnamaíochta a chur faoin mBreatain.

Ba é imeacht Kwasi Kwarteng an crú ag teacht ar an tairne, agus inné tháinig an tairne ar an troigh nuair a d'éirigh an Rúnaí Gnóthaí Baile Suella Braverman as oifig.

Thug Suella Braverman le tuiscint gur éirigh sí as mar go raibh sí an-imníoch faoi chomh tiomanta agus a bhí Rialtas na Breataine na gealltanais a rinne siad san olltoghchán deireanach a chomhlíonadh.

Cháin sí freisin na botúin ar fad a bhí déanta ag Liz Truss ó ceapadh ina Príomh-Aire í.

Cosa Liz Truss nite ... ach cosa úra faoin mbord in Uimhir 10 gan spás

Go dtí inniu, 118 lá an tréimhse ba ghairide a chaith aon duine mar Phríomh-Aire na Breataine. B'in é an Tóraí George Canning sa bhliain 1827.

Tá ceannaire Pháirtí Lucht Oibre na Breataine Keir Starmer ag éileamh olltoghchán a ghairm i bhfianaise éirí as oifig Liz Truss.