Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar sa Dáil go bhfuil an tAire Fuinnimh Eamon Ryan i mbun cruinnithe leis na cuideachtaí fuinnimh féachaint conas daoine ar an gcóras íoc-de-réir-íde a chosaint.

Dúirt urlabhraí airgeadais Shinn Féin Pearse Doherty go bhfuil moratorium curtha i bhfeidhm ag an rialtas le cinntiú nach bhfágfar gan leictreachas daoine a íocann billí, ach nach bhfuil an chosaint chéanna ann dóibh siúd a íocann de réir íde.

Cuireadh ceisteanna sa Dáil arís inniu faoin gcontúirt go bhfágfar daoine gan cumhacht sa nGeimhreadh.

Tá tuairims is 340,000 duine a fhaigheann a gcuid leictreachais ar an gcóras íoc-de-réir-íde.

D'iarr Pearse Doherty go ndeanfaí beart de réir briathair agus d'iarr dé deimhniú nach bhfágfaí daoine atá ar an mbeagán gan cumhacht.

Dúirt an Tánaiste gurbh é an córas atá ann faoi láthair go dtugtar luach €20 creidmheasa do dhaoine nuair a bhíonn a gcuid airgid caite, agus dúirt sé nach gceadaítear an chumhacht a ghearradh ar dhaoine ag an deireadh seachtaine.

Ach dúirt sé go dtuigeann an rialtas nach leor é sin agus go raibh cruinnithe ag an Aire Ryan le cuideachtaí fuinnimh inné agus go mbeadh sé ag bualadh le cuideachtaí eile inniu le súil réiteach a fháil ar na deacrachtaí.

Níos luaithe sa Dáil dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney nach gcabhraíonn sé leis an idirbheartaíocht faoi Phrótacal Thuaisceart Éireann nuair a churtar réamhchoinníolacha ar an próiseas nó nuair a dhéantar an iomarca cainte faoi roimh ré.

Ag labhairt dó ag cruinniú do cheannairí na hEorpa i bPrague dúirt an Taoiseach mórán an méid céanna – nach cuidiú ar bith é an tráchtaireacht faoi na fadhbhanna a bhaineann leis an bPrótacal.

Dúirt Micheál Martin freisin go bhfuil seans ann faoi láthair gabháil chun cinn a dhéanamh agus go bhfuil próiseas ar bun féachaint len é sin a bhaint amach. Tuairiscítear go mbeidh an Taoiseach ag bualadh le Príomhaire na Breataine Liz Truss ar chiumhais an mhórchruinnithe amach san oíche.

Beidh tuilleadh faoin ábhar sin ag Sorcha Ní Riada ar Nuacht TG4 @1900