Deir daoine a bhfuil scoileanna rince Ghaelaigh acu go bhfuil díomá orthu go bhfuil gá leis an bhfiosrúchán atá curtha ar bun ag an gCoimisiún le Rincí Gaelacha faoi líomhaintí atá déanta faoi chód iompair na heagraíochta a bheith sáraithe.

I ráiteas ón gCoimisiún arú inné, deir siad gur cuireadh cáipéisí faoina mbráid mí Iúil ina raibh líomhaintí "faoi chalaois agus séitéireacht agus faoi mholtóirí a bheith ag cur torthaí comórtas as a riocht".

Dúradh nach nglacfar le haon iompar mí-eiticiúil san eagraíocht.

Tá iar-bhreitheamh ón gCúirt Achomhairc ceaptha acu chun na líomhaintí a fhiosrú.

Dúirt an tAire Cultúir Catherine Martin inniu go raibh sí chun scríobh ag an gCoimisiún le Rincí Gaelacha chun a chinntiú go ndéanfar gach is féidir chun muinín a chothú an athuair san rince Gaelach iomaíoch.