Deir an Teachta Dála Catherine Connolly go bhfuil sé thar am ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte plean cuimsitheach a fheidhmiú le seirbhís dochtúra a chur ar fáil don Cheathrú Rua i gConamara.

Tá an dochtúir ionaid a thosaigh le gairid ar an gCeathrú Rua agus a bhí le bheith ann go deireadh na bliana tar éis a thabhairt le fios go mbeidh sé ag críochnú amárach.

Tá rí-dheacrachtaí ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le roinnt blianta dochtúir teaghlaigh a earcú don Áras Sláinte ar an mbaile.

Bhí socrú déanta an mhí seo caite go mbeadh dochtúir ionaid ag freastal ar an gceantar go dtí go mbeadh an Dr Penzes - an dochtúir teaghlaigh atá go buan i Leitir Móir, 12 km siar an bóthar – in ann seasamh isteach agus cúram dochtúra a chur ar fáil go sealadach, go mbeadh dochtúir earcaithe go buan ar an gCeathrú Rua.

Léirigh dochtúirí eile teaghlaigh imní ag an am faoin gcinneadh sin mar go mbeadh ualach oibre á chur ar dhochtúir a bhfuil a chuid dualgaisí féin air i gceantar eile ar fad.

Tá sé tugtha le fios ag dochtúir amháin sa gceantar gur dochtúir ionaid a bheas ag feidhmiú anois in Áras Sláinte na Ceathrún Rua go dtí go mbeidh post an dochtúra buan líonta.

Ach tá an dochtúir ionaid a thosaigh le seachtain anuas agus a bhí le fanacht go deireadh na bliana ag imeacht amárach. Níl an tÁras Sláinte in ann glacadh le aon choinne ón Luain seo chugainn mar nach bhfuil a fhios acu an mbeidh dochtúir eile fáighte idir an dá linn.

Deir an Teachta Dála Catherine Connolly go bhfuil sé thar am ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte plean cuimsitheach a chur i bhfeidhm le seirbhís dochtúra a chur ar fáil ar an gCeathrú Rua.

Idir an dá linn tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag cur comhairle ar an bpobal a bheith ar an airdeall faoin meiningíteas, ó bhásaigh duine óg i nGaillimh leis an tinneas le coicís anuas. Táthar ag iarraidh ar an bpobal a bheith ar an eolas faoi chomharthaí na haicíde agus comhairle dochtúra a lorg gan mhoill má bhíonn aon amhras orthu.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Sinéad Ní Neachtain ar Nuacht TG4 @1900