Tá foláireamh tugtha ag Príomhfheidhmeannach Eirgrid atá i bhfeighil an ghréasáin náisiúnta leictreachais go bhfuil seans ann go mbeidh daoine fágtha gan leictreachas i rith an Gheimhridh.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar tráthnóna gur údar imní é an méid sin ach gur "caol an seans" go bhfágfar teaghlaigh agus lucht gnó gan aon chumhacht.

I dtuarascáil nua ó Eirgird léirítear go bhfuil an bhearna idir an soláthar fuinnimh agus an t-éileamh atá air ag laghdú seasta, agus ag gabháil in olcais.

Measann staidéar Eirgrid go mbeidh 37% d'ardú tagtha ar an éileamh ar chumhacht faoin mbliain 2031.

Is beag leictreachais sa mbreis atá ar chumas na sean-stáisiúin chumhachta atá fanta sa tír a ghineadh a deir Eirgrid agus theip ar rún roinnt cuideachtaí a raibh súil acu leictreachas sa mbreis a ghineadh i stáisiúin nua.

Ina theannta sin a deir siad tá deacrachtaí pleanála agus fadhbanna teicniúla ag cur moille ar chuideachtaí eile.

Ag méadú go síoraí atá an t-éileamh ar chumhacht, agus méadú ag teacht ar líon na gcarranna leictreacha sa tír chomh maith leis an éileamh nua ar chórais teasa tí.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Irene Ní Nualláin ar Nuacht TG4 @1900