Bhí Prionsa William Shasana agus a bhean chéile an Banphrionsa Kate ar cuairt ar Chondae Aontroma inniu.

Is é an chéad chuairt ar Thuaisceart Éireann acu ó bhronn an Rí Séarlas a Trí teideal Prionsa agus Banphrionsa na Breataine Bige ar an oidhre nua agus a pháirtí.

In Aontroim chuir Ardmhéara Bhéal Feirste Tina Black agus an Feisire Parlaiminte John Finucane, beirt chomhalta tofa de chuid Shinn Féin, fáilte roimh na cuairteoirí.

Sheas siad tamall ag an gcarthanacht PIPS a chuireann comhairle ar dhaoine atá i gcontúirt lámh a chur ina mbás féin.

Labhair an Prionsa agus Banphrionsa le meitheal na seirbhíse faoi na dúshláin ar leith ó thuaidh tar éis achrainn agus cogaíochta.

Ó tháinig an Covid dhá bhliain go leith ó shin, deir lucht an eagrais go bhfuil ardú suntasach tagtha ar líon na ndaoine atá ag iarraidh cúnaimh. I measc an aosa óig 500% d'ardú atá tagtha ar líon na ndaoine ag lorg cuidithe.

Bhí dianshlándáil i bhfeidhm i lár na cathrach agus an bheirt ag bhfáinneáil san margadh nua trádála ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath.

Cé go bhfuil teidil úra bronnta ag mac Eilís a Dó ar an lánúin ríoga, tá ceann de na teidil a bhíodh acu - Barún agus Bantiarna Charraig Fhearghais - fós acu, agus is ar an mbaile beag sin 20 km ó thuaidh de Bhéal Feirste a chuir siad clabhsúr lena gcuairt tráthnóna.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Áine Ní Ghallchóir ar Nuacht TG4 @1900