Tá iar-Chathaoirleach ar Bhord Údarás na Gaeltachta tar éis cur chuige bhord na heagraíochta ó thaobh níos mó infheistíochta a mhealladh i mBuiséad 2023 a cháineadh go géar.

Dúirt Seán Ó Neachtain ar an gclár 7 Lá gurb é "an locht is mó" atá ar an Údarás nach mbíonn baill an Bhoird "ag labhairt amach".

"Ceapaimse go bhfuil sé an-deacair a dhéanamh amach cé mhéad airgid atá uaidh Údarás na Gaeltachta mar ní chloiseann muid go minic, go háirithe baill an Bhoird, ag iarraidh níos mó tacaíochta mar ní labhraíonn siad amach," a dúirt Ó Neachtain.

Dúirt sé nach raibh baill an Bhoird "ionadaíoch" ar an bpobal agus gur cheart dóibh a bheith ag cur in iúl don phobal cén t-airgead atá "ag teastáil" ón eagraíocht.

Labhair Seán Ó Neachtain, iar-Fheisire Eorpach de chuid Fhianna Fáil, agus imní á léiriú go forleathan faoina laghad maoinithe a cuireadh ar fáil sa mBuiséad don Údarás chun fostaíocht a chruthú agus chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa nGaeltacht.

I ráiteas deir an tÚdarás nach ndearna siad aighneacht réamhbhuiséid agus nach gnách leis an eagraíocht a leithéid a dhéanamh.

Ach de réir fhigiúirí a cuireadh faoi bhráid Choiste Oireachtais na Gaeilge atá feicthe ag 7 Lá léirítear go raibh an tÚdaras ag lorg €5.5 milliún d'ardú i mbliana.

De réir fhigiúirí an Údaráis bhí €3.5 milliún d’ardú uathu ar an maoiniú caipitil agus beagnach milliún euro d’ardú ar an airgead reatha. Bhí milliún eile á lorg acu le caitheamh ar fhorbairt pobail.

Cuireadh milliún euro ar fáil d’Údarás na Gaeltachta i mBuiséad 2023, sa mbreis ar an €14.45 milliún atá curtha ar fáil ag Roinn na Gaeltachta dóibh i mbliana.

Dúirt an t-eacnamaí Conall Ó Móráin ar an gclár go bhfuil an 7% d’ardú a thiocfaidh ar mhaoiniú an Údaráis an chéad bhliain "ag teacht leis an ráta boilscithe".

Máirín Ní Ghadhra, láithreoir 7Lá