Beidh 2 eitilt sa mbreis ag Ryanair as Aerfort na Sionna an bhliain seo chugainn agus beidh an t-aerfort ina bhunáit ag eitleán eile de chuid de na h-aerlíne.

Dhá bharr beidh 30 post nua san aerfort.

Eitiltí nua fógartha inniu

San Earrach a bheidh na slite nua ar fáil, go Béziers i ndeisceart na Fraince agus Newcastle i dtuaisceart Shasana. Beidh eitilt faoi dhó sa tseachtain go Béziers, Luan agus Satharn, ag tosnú an 27ú mí an Mhárta. Trí huaire sa tseachtain a bheas eitilt go Newcastle, Máirt, Déardaoin agus Satharn, ag tosnú an 26ú Márta.

Faoin tráth sin beidh 24 bealach-aeir ag Ryanair as an tSionainn – 180 eitilt sa tseachtain. 60% d'ardú é sin le hais 2019, sula dtáinig an víreas corónach.

Tá 35 bliain caite ag Ryanair in Aerfort na Sionna agus iad tar éis 18 milliún paisinéir a iompar.

Chuir Príomhfheidhmeannach Ghrúpa Aerfort na Sionna Mary Considine fáilte roimh an bhfógra. Léiriú é a dúirt sí ar an misneach atá ag lucht tráchtála faoi thodhchaí an aerfoirt.

Tús na míosa seo caite d'fhógair Vueling na Spáinne eitiltí nua, faoi dhó sa tseachtain, idir an tSionainn agus Páras na Fraince.