Tá beirt fhear gafa ag na Gardaí i gcathair Chorcaí faoi bhás an fhir a sáthadh agus a maraíodh inné ag sochraid i gCiarraí.

Le breacadh an lae a gabhadh fear amháin atá thart ar 35 bliain d'aois.

Ó shin a gabhadh an dara duine, fear tuairim is 45.

Bhásaigh Thomas Dooley, 43, de bharr an ionsaithe tráthnóna inné. Fear pósta a bhí ann agus clann air, agus é ina chónaí i gCéide na Collchoille i gCill Airne.

Gortaíodh a bhean chéile san ionsaí agus tá sise faoi chúram ospidéil go fóill.

Gardaí i mbun scrúdú teicniúil sa reilig i dTrá Lí

Bhí an bheirt acu ag freastal ar shochraid ar Reilig na Rátha i dTrá Lí nuair a tharla achrann. Sáthadh Thomas Dooley. Bhásaigh sé ar an láthair achar gearr ina dhiaidh sin.

Tugadh a bhean trasna an bhóthair chuig Ospidéal na hOllscoile Ciarraí.

Inniu a thabharfaidh Paiteolaí an Stáit an Dr Sally Anne Collis faoin scrúdú iarbháis.

Tá an bheirt fhear atá gafa á cheistiú i stáisiún na nGardaí i dTrá Lí, áit ar féidir iad a choinneáil ar feadh tréimhse 24 uair a’ chloig an duine.