D'fhreastal slua ollmhór ar shochraid an Iar-imreora peil le Baile Átha Cliath, Brian Mullins i dtuaisceart na cathrach sin inniu.

Dúradh faoin laoch lár páirce a bhásaigh Dé hAoine seo caite gur Gael, athair agus seanathair iontach ab ea a bhí an dílís dá chlub, Cumann Naomh Uinsionn i gcónaí. 68 bliain d'aois a bhí sé.

Bhí Aide-de-camp an Uachtaráin agus an Taoisigh, Uachtarán, imreoirí agus iar-imreoirí Chumann Lúthchleas Gael i mBaile Átha Cliath agus ó ar fud na tíre i measc an tslua ollmhór a chruinnigh ag Séipéal Naomh Uinseann de Pól ar Ascaill Uí Ghríofa lena n-ómós a léiriú do Bhrian Mullins.

D'éirigh leis an fathach lár páirce ceithre bhonn uile Éireann a bhuachan le Baile Átha Cliath idir 1974 agus 1983, 9 gcraobh cúige agus dhá ghradam All-Star. Bhuaigh Brian Mulllins craobh club an chondae 5 h-uaire agus craobh na hÉireann i 1976 lena Chumann Naomh Uinsíonn i Marino. Bhuaigh sé craobh Uladh mar bhainisteoir ar Dhoire i 1998 tráth a raibh sé ina Phríomoide ar Phobalscoil Charn Domhnaigh i nDún na nGall. D'fhreastal slua mór ón scoil sin ar a shocraid inniu.

Caillteanas mór é don Chumann Lúthchleas Gael, dá chlann agus do Bhaile Átha Cliath, a dúirt Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Larry McCarthy tar éis na sochraide.

'Cairde muid le fada an lá. Bhí muid sa choláiste le chéile na mílte bliain ó shin. Caillteanas mór.'

Chuir mé go leor agallaimh ar Brian Mullins, a dúirt an tráchtaire spóirt Seán Bán Breathnach.

'Dá gcuirfí ceist orm faoin cúpla imreoir lár páirce is fearr a chonaic mé riamh. Níl ann ach triúr. Brian Mullins, Jack O'Shea agus Brian Fenton' Tá laoch ar lár, a dúirt Seán Bán Breathnach. 'Fionn Mac Cumhaill na peile ab ea é.'

Bhí cáil ar Bhrian Mullins mar imreoir an chrua agus ceannaire an láidir, a dúirt a chara Seán Potts inniu, ach bhí sé chomh cumasach mar imreoir, mar dhuine. Bhí sé chomh cliste sin. Gael iontach ab ea é.'

Bhí gach éinne ag caint mar gheall ar Bhrian Mullins nuair a tháinig sé ar fhoireann Bhaile Átha Cliath, a dúirt an tráchtaire ar chluichí Gaelacha, Mícheál Ó Muircheartaigh.

'Fear láidir agus bhí sé sásta aon rud a dhéanamh ar son na foirne. Gaeilge a labhródh sé liom i gcónaí.'

'Tógadh an bheirt againn i gCluain Tarbh agus thosaigh muid ar scoil an lá céanna i Scoil Cholmcille ar Shráid Mhaoilbhríde' a dúirt an ceoltóir Paddy Glackin, cara mór le Brian Mullins.

'Bhí muid sa rang céanna go dtí gur fhág muid an mheánscoil i 1972. Fear uasal, fear cróga. Cara mór de mo chuid a bhí ann. D'imir muid cuid mhór peil agus iománaíocht i gcuideachta a chéile tríd na blianta. Agus fear é a bhí iontach dílis dona cairde a bhí aige.'

Ina sheanamóir, dúirt an tAthair Eamonn Bourke gur spreag caint Bhrian nuair a thug sé cuairt ar a scoil i mBaile Munna le Corn Sam Mhic Uidhir ina ghlaic i 1983 é dhul leis an tsagartacht, tráth ar iarr sé ar an rang an fód a sheasamh i gcónaí, gan géilleadh agus coinneáil oraibh'

Dúirt a mhac is sine, Bernard gur fear an chróga, athair agus seanathair iontach ab ea Brian a raibh a chroí istigh ina chlub, Cumann Naomh Uinsionn i gcónaí.

Cuireadh Brian Mullins i gcré na cille i Reilig Bhaile Ghrífín tráthnóna.