Tá fear sna daichidí tar éis bháis agus tá a bhean chéile gortaithe go dona i ndiaidh eachtra a tharla ag sochraid teaghlaigh a bhí ar siúl i dTrá Lí, i gContae Chiarraí nuair a ionsaíodh agus sáthadh iad.

Tharla an eachtra ag Reilig Ráth Teas díreach roimh mheán lae agus deir Gardaí go bhfuil an láthair caomhnaithe chun go ndéanfaí scrúdú iomlán air.

Tuigtear gur thosaigh achrann i dtreo dheireadh na seirbhíse sochraide. Ionsaíodh an fear a bhí sé básaithe 30 nóiméad ina dhiaidh sin.

Gortaíodh a bhean go dona agus tá cóir leighis á cur uirthi in Ospidéal Ollscoile Chiarraí do ghortaithe sáite a bhain d'uachtar a coirp.

Tugadh corp an fhir go marbhlann an ospidéil agus déanfar scrúdú iarbháis ar a chorp níos déanaí.

Tá fiosrúchán ar bun ag Gardaí agus tá siad ag achainí ar aon duine a chonaic aon ní teagmháil a dhéanamh leo.

Tuigtear gurb as Cill Airne don bhfear a maraíodh agus dá bhean atá gortaithe.