Tá sé admhaithe ag fear 35 bliain d'aois gur bhásaigh a pháirtí ''mar gheall ar a chuid gníomhartha''.

Bhásaigh Sharon Bennett a bhí 29 bliain d'aois nuair a déanadh ionsaí foréigneach uirthi in Inis i gContae an Chláir anuraidh.

Sharon Bennett a ionsaíodh agus a bhásaigh i 2021

Tá Patrick Ballard, le seoladh baile ag Ostán Ashfield in Inis, ag pléadáil neamhchiontach i ndúnmharú Sharon Bennett, máthair bheirt pháistí i gceantar an mhargaidh ar an mbaile i Mí Feabhra anuraidh.

Dúradh sa chúirt gur chiceáil agus gur bhuail Patrick Ballard, Sharon Bennett nuair a d'ionsaigh sé í i leithreas poiblí i Mí Eanáir anuraidh. Bhásaigh Sharon Bennett san ospidéal coicís ina dhiaidh sin.

Chualthas sa chúirt inniu go raibh Sharon Bennett ag siúl amach le Patrick Ballard ar feadh cúpla mí agus go mbíodh an bheirt acu ag ól le chéile go mion minic.

Dúradh go raibh an bheirt acu ag ól le ceathrar nó cúigear eile ar an 28ú Eanáir 2021 in áit i gcarrchlos in Inis a bhí clúdaithe.

Thosaigh achrann idir an bheirt acu agus chualthas gur chiceáil Sharon Bennett, Patrick Ballard san aghaidh nuair a bhí sé suite ar an dtalamh.

Chonaic daoine eile a bhí ag ól ann an eachtra ag tarlú agus taifeadadh é ar CCTV.

Dúradh gur bhog an bheirt acu le fear eile, Hussein Abdulladh ar tugadh Jamsie air, isteach i leithreas poiblí chun leanúint orthu ag ól agus chun fanacht taobh istigh ón mbáisteach.

Dúradh gur ionsaigh Patrick Ballard, Sharon Bennett nuair a bhí siad sa leithreas agus go bhfaca baill den bpobal agus tiománaithe fear ag ciceáil agus ag greadadh Sharon Bennett lena chos ach nár thuig siad gur cloigeann Sharon Bennett a bhí ann.

Baineadh droch-ghortaithe ceart do chloigeann agus d'aghaidh Sharon Bennett agus bhásaigh sí san ospidéal ar an 10ú Feabhra 2021.

Dúirt Patrick Ballard go nglacann sé leis gur bhásaigh Sharon Bennett mar gheall ar an méid a rinne sé.

Glacann sé leis go raibh an marú neamhdhleathach ach séanann sé gur dhúnmharaigh sé í.