Tá Ospidéal nua na Leanaí le bheith tógtha agus críochnaithe go hiomlán faoi Mhárta 2024 a deir na tógálaithe.

Ag an am sin tabharfar an tOspidéal ar láimh go dtí Sláinte Leanaí Éireann do thréimhse coimisiúnaithe.

Dúradh le Coiste Oireachtais inniu go mbeidh an tOspidéal oscailte faoi dheireadh na bliana 2024 ar a luaithe.

Dúirt Bord Forbartha an Ospidéil Náisiúnta Phéidiatraicigh go raibh €1.1 billiún caite ar an Ospidéal suas go dtí Mí Lúnasa.

Cheadaigh an Rialtas buiséad do €1.4 billiún i 2018 don Ospidéal.

Tugadh le fios inniu go bhfuil an foirgneamh 78% críochnaithe go dtí seo.