Tá sé deimhnithe ag teaghlach Rory Mason ó Dhún Búinne i gContae na Mí gur maraíodh é le linn trodaíochta san Úcráin. Bhí sé 23 bliain d'aois.

Bhí Rory Mason ag troid sa Leigiúin Idirnáisiúnta ar son na hÚcráine mar chuid do Fhorsaí Armtha na hÚcráine. Bhí sé lonnaithe i gceantar Kharkiv cóngarach do theorainn na Rúise.

D'imigh Rory Mason chun dul i mbun catha leis an Úcráin i Mí an Mhárta seo caite.

Rory Mason a maraíodh le linn trodaíochta san Úcráin

Maraíodh Rory agus é i mbun catha ar son na hÚcráine ar an 28ú do Mheán Fómhair.

Chuir an Roinn Gnóthaí Eachtracha teaghlach Rory Mason ar an eolas agus tá cúnamh consalach á chur ar fáil don teaghlach.

Dúirt urlabhraí ar son an teaghlaigh go raibh siad croíbhriste agus go mbraithfidh tuismitheoirí Rory, Rob agus Elizabeth, a dheartháir atá 22 bliain d'aois agus a dheirfiúr atá 21 bliain d'aois Rory uathu go mór.

Dúirt athair Rory gur fear óg dionghbháilte a bhí ann. Dúirt sé go bhfuil siad go mór faoi bhrón ach go bhfuil siad ana bhrodúil as crógacht agus dúthracht Rory as é fhéin a chur chun tosaigh chun cabhrú le cás na hÚcráine.

Roimh an cogadh, bhí Rory Mason ag obair sa Ghearmáin. D'fhreastal sé ar an scoil Náisiúnta i nDún Búinne agus ar Choláiste Naomh Peadar i nDún Búinne chomh maith.