Gearradh tréimhse 6.5 bliain sa phríosún ar iar-cheannfort sna Gardaí inniu as luach cannabais do nach mór €260,000 a bheith ina sheilbh.

Phléadáil John Murphy, 62 bliain d'aois, as Cluain Tarbh i mBaile Átha Cliath ciontach sa chúis nuair a fritheadh na drugaí ina theach agus ina charr le linn cuardaigh i Mí Mheán Fómhair 2021.

Chualathas sa chúirt go raibh John Murphy go mór i bhfiacha ag an am agus go raibh €850,000 euro le haisíoc aige.

An tIar-Cheannfort John Murphy

Dúirt a chuid dlíodóirí gur alcólach a bhí in ann feidhmiú, a bhí i John Murphy agus gur chuir an t-ólachán isteach ar a chumas breithiúnas ceart a dhéanamh.

Dúirt an t-abhcóide cosanta go raibh fonn ar John Murphy leithscéal a ghabháil lena theaghlach agus leis An Garda Síochána as an bpian agus náiriú a bhí cruthaithe aige.

Dúirt an Breitheamh Martin Nolan gur cheart go mbeadh a fhios níos fearr ag John Murphy gan a bheith bainteach le maingaireacht drugaí.

Gearradh tréimhse phríosúin 6.5 bliain air.