Tá an t-iar-imreoir Rugbaí Damian Browne ó chathair na Gaillimhe ar an gcéad duine riamh le turas dian ó Nua Eabhrac go Gaillimh a dhéanamh i mbád rámhaíochta ina aonar. Bhain Browne Trá na bhForbacha i gConamara amach aréir.

Dé Máirt, 14ú Meitheamh 2022, ag Chelsea Piers i Manhattan a thosaigh turas dian Damian Browne trasna an Atlantaigh. Chaith sé 112 lá ar muir agus rámhaigh sé os cionn 3,450 míle farraige.

Tháing a thuras éachtach chun deiridh aréir nuair nach raibh aon rogha eile ag Browne ach teacht i dtír ar na carraigeacha ag Trá na bhForbacha i gConamara go gairid roimh 1am.

Bhí Browne in ainm agus teacht isteach go Duganna na Gaillimhe ar maidin inniu ach bhuail deacrachtaí aréir é agus ní raibh aon rogha eile aige ach teacht i dtír sna Forbacha.

Glaodh ar na seirbhísí éigeandála agus tháinig Gardaí ón Spidéal, Indreabhán agus Carna i gcabhair air.

Tá Damian Browne ar líon beag daoine atá imithe trasna an Atlantaigh sa dá threo. Thrasnaigh sé an fharraige ó San Sebastian go Antigua i 2018 agus bhain sé Sliabh Everest amach chomh maith idir an dá ghaisce rámhaíochta.

Bhailigh slua mór chun fáilte abhaile a chur roimh laoch na Gailllimhe ag Duganna na Gaillimhe ar maidin.

Bhí muintir na Gaillimhe ar bís chun Damian a fheiceáil ar maidin.

Damian Browne ag teacht isteach go Duganna na Gaillimhe ar maidin

Bhí Damian Browne ag bailiú airgid do cheithre eagraíocht charthanachta éagsúla lena gaisce rámhaíochta trasna an Atlantaigh: MADRA, Clann Shíomóin na Gaillimhe, An Fhondúireacht don Ospidéal Náisiúnta Athshlánúcháin agus Éirim an Iarthair.