Tá sé deimhnithe ag an gCoimisiún Eorpach go gcuirfear tús an athuair an tseachtain seo le cainteanna idir an tAontas Eorpach agus an Bhreatain faoi Phrótacal Thuaisceart Éireann.

Beidh na cainteanna ar an gcéad idirbheartaíocht idir an dá thaobh ó mhí Feabhra seo caite.

Aire Stáit nua Thuaisceart Éireann

Tá sé ráite ó inné ag Aire Stáit Thuaisceart Éireann Steve Baker gur féidir na deacrachtaí a bhaineann leis an bPrótacal a réiteach ach a ghabháil i mbun comhráite.

Dúirt Steve Baker freisin go raibh sé in aiféala faoi "chomh fíochmhar" is a bhí sé le linn na hidirbheartaíochta roimh an mBreat-Imeacht.

Chuir an Taoiseach fáilte tráthnóna roimh an méid a bhí le rá ag an Aire Baker.

Dúirt Micheál Martin gur mór an cúnamh a bhí sa méid a dúirt sé agus gur labhair sé go hionraic.