Tá fear 46 bliain d'aois le cur ar a thriail roimh dheireadh na seachtaine faoin mBleachtaire Colm Horkan a dhúnmharú ar an gCaisleán Riabhach i gCo Ros Comáin mí an Mheithimh 2020.
Tráthnóna sa bPríomhchúirt Choiriúil phléadáil Stephen Silver, meicneoir gluaisrothar as Béal Easa i Maigh Eo, neamhchiontach i ndúnmharú Garda ar dualgas.

Ach phléadáil sé ciontach i ndúnorgain de bhua freagracht laghdaithe.
Tá giúiré le roghnú agus an triail le tosaí Dé hAoine.
Meastar go mairfidh an cás 7 seachtaine agus go gcurfar fios ar bhreis is 100 finné.