Tá foireann saineolaithe ón gCoimisiún Neamhspléach um Aimsiú Taisí Íospartach tar éis filleadh ar phortach i gContae Mhuineacháin in iarracht a theacht ar chorp an déagóra Columba McVeigh a mharaigh an tIRA i 1975.

Portach an Bhragáin atá gar do Scairbh na gCaorach i Muineachán atá á thóraíocht an athuair; an 6ú huair ag lucht an Choimsiúin an portach a chíoradh le 20 bliain anuas.

Tuairim is 2 acra talún atáthar a chuartú an uair seo. Scrúdaíodh 20 acra san 5 iarracht eile, an ceann is deirní i 2019.

Tá Columba McVeigh, a mb'as Contae Thír Eoghain dó, ar iarraidh ó 1975. Fuadaíodh é, caitheadh é agus cuireadh i ngan fhios é.

Ní raibh sé ach naoi mbliana déag.