Tá picéad leanúnach ar bun ag feirmeoirí ar ollmhargaí Aldi agus Lidl i mbaile an Chabháin agus iad ag éileamh 2 cent sa mbreis ar gach ubh a dhíolann siad leis na siopaí sin.
Is é seo an 5ú lá as a chéile ag lucht na hagóide agus na picéid ar bun ó Déardaoin seo caite. Níl cosc á chur ar chustaiméirí a ghabháil isteach sna siopaí ach tá lorraithe á gcoinneáil ó dhoras agus tá seilfeanna ag folmhú go scafánta.
I measc lucht an phicéid tá Samamantha Soden agus a fear céile Breandan a tháirgíonn 50,000 ubh sa ló.
Tá praghas gach ní ag ardú a deir Samantha – praghas arbhair agus breosla go sonrach. B'éigin daoibh le gairid a deir sí cuid den mheitheal oibre atá acu a ligean chun bealaigh.

"Go bunúsach tá muid ag caitheamh níos mó ag táirgeadh uibheacha ná atá muid ag saothrú".
Tá cuid de lucht na hagóide ag tabhairt uibheacha uathu in aisce i mbaile an Chabháin.
Ní raibh urlabhraí ná ráiteas ar fáil inniu ó Lidl ná Aldi.