Tá iar-chomhairleoir cathrach de chuid Shinn Féin toilteanach fianaise a thabhairt os comhair cúirte a deir sé faoi dhúnmharú David Byrne ag Óstán an Regency 6 bliana ó shin.

Tá Jonathan Dowdall (44) agus a athair Patrick (65), a bhfuil seoladh acu ar Bhóthar na hUaimhe i mBaile Átha Cliath, tar éis a admháil gur chuidigh siad le buíon coiriúil an marú a dhéanamh, an 5ú lá de mhí Feabhra 2016.

Óstán an Regancy, an 5ú Feabhra 2016

Tugadh le fios inniu gur chuir Patrick seomra san óstán in áirithint an lá roimh an dúnmharú. Thug sé síob dá mhac chuig an óstán an lá dár gcionn, d'íoc Jonathan Dowdall ar an seomra in airgead tirim, agus ansin shín sé an eochair ag ball de bhuíon coiriúlachta eagraithe.

Dúradh leis an gCúirt Choiriúil Speisialta ar maidin go bhfuil sé "macánta agus i ndáiríre" faoi chomhoibriú leis an gCúirt; go raibh "luach ina chuid fianaise don ionchúiseamh"; agus go bhfuil "daoine eile luaite leis an gcoir aige".

Thug an Sáirsint Patrick O’Toole le fios go bhféadfadh "fíordhroch-iarmhairtí" a bheith ag baint lena chinneadh. Dúirt sé go bhfuil Jonathan Dowdall agus a mhuintir faoi choinneáil chosanta anois agus go bhfuil siad suaite faoin gcontúirt atá ann dóibh.

Tá sé i gceist iad a chur faoi chúram chlár slándála an Gharda Síochána d’fhinnéithe.

D’ordaigh an Breitheamh Tony Hunt go ngearrfaí pionós ar an athair agus a mhac faoi cheann coicíse.