Tá ceathrar gafa sa bhfiosrúchán faoi charr gardaí a buaileadh i n-aon turas i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite.
Cuireadh fios ar na Gardaí coicís sa lá inniu faoi 2 charr a bheith á dtiomáint go meargánta ar eastát tithíochta i nGort na Silíní.
Scaipeadh físeáin go tréan ar na meáin shóisialta de cheann de na carranna ag tabhairt ruathair faoin gcarr Gardaí agus lucht féachana gárthach le cloisteáil sa gcúlra.
Níor gortaíodh éinne san eachtra.
Ar maidin ghabh Gardaí as Baile Formaid, as Cluain Dolcáin agus as Ráth Cúil ceathrar ógfhear faoin méid a tharla agus tá siad á gceistiú ag 4 stáisiún éagsúla.