Tráthnóna a churfar Gerry Hutch ar a thriail faoi dhúnmharú David Byrne a caitheadh ag comórtas dornálaíochta in Óstán an Regency i mBaile Átha Cliath i 2016.

Gan giúiré a éistfear an cás ag an gCúirt Choiriúil Speisialta.

Sula dtosóidh an cás sin gearrfar pionós ar Jonathan Dowdall, iar-chomhairleoir cathrach de chuid Shinn Féin, a phléadáil ciontach an tseachtain seo caite as an bealach a réiteach don mharú.

D'admhaigh Jonathan Dowdall (44) agus a athair Patrick atá 65 bliain d’aois gur chuir siad seomra san óstán ar fáil don bhuíon armtha a ba chúis leis an dúnmharú.