Tá sé ráite ag NATO go bhfuil an choimhlint idir an Rúis agus an Úcráin níos measa anois ná mar a bhí sé riamh ó thús an chogaidh, i bhfianaise ionghabháil mhídhleathach na Creimile ar cheithre réigiún in oirthear na hÚcráine agus i bhfianaise bhagairtí Vladimir Putin airm núicléacha a úsáid chun a "theorainneacha féin" a chosaint.
Deir NATO nach mbeidh faitíos ar bith ar Chomhghuaillithe na hÚcráine leanacht lena dtacaíocht di, beag beann ar na bagairtí atá ag teacht ó Mhoscó.
"Tá na céadtá míle trúpa á dtabhairt le chéile ag Vladimir Putin, tá bolscaireacht le cloistéail uaidh maidir le cúrsaí núicléacha agus mar bharr ar an donas, fógraíodh an ionghabháil neamhdhleathach inniu", a dúirt Ard-Rúnaí NATO, Jens Stoltenberg inniu.

leo a bheith faoi cheannas na Creimile
Tháinig a chuid cainte sna sála ar óráid Vladimir Putin ag an gCreimil, inar dhúirt sé go raibh "rogha shoiléir" déanta ag muintir na gceithre réigiún ar reáchtáladh reifrinn iontu agus go raibh sé léirithe acu gurbh fhearr leo a bheith faoi smacht na Rúise. Ní ghlacann Cív ná an tIarthar le torthaí na reifreann sin. Deir siad gur cur i gcéill atá iontu.