Bhí fear os comhair Chúirt Dúiche Chorcaí inniu maidir le príosúnú neamhdhleathach, tiomáint chontúirteach agus damáiste coiriúil. Líomhnaítear gur tharla na heachtraí a bhfuil sé cúisithe i dtaca leo i gCorcaigh oíche Dé Céadaoin.

Ar chúiseanna dlíthiúla, ní féidir an fear, 35 bliain d'aois, a ainmniú.

Dúirt an Garda Paul Dromey gur cúisíodh an fear i naoi gcúis ag Stáisiún Gardaí na Smachtlainne i gCorcaigh. Tugadh fianaise sa gcúirt inniu go ndúirt sé nár mhaith leis aon ní a rá nuair a cuireadh na cúiseanna ina leith.

Baineann trí chúis le damáiste coiriúil; tá sé curtha ina leith go ndearna sé díobháil do thrí charr de chuid an Gharda Síochána i Machain i gCorcaigh. Baineann trí chúis eile le tiomáint chontúirteach. Baineann na cúiseanna eile le príosúnú neamhdhleathach agus lena dhiúltú, a líomhnaítear, sampla fola nó múin a chur ar fáil do na Gardaí.

Rinne Frank Buttimer, dlíodóir an fhir, iarrratas ar bhannaí, agus i bhfianaise thoimhde na neamhchiontachta, a dúirt sé, ba chóir go gceadófaí an t-iarratas sin.

Ach thug na Gardaí fianaise sa gcúirt nach mbéidis i bhfabhar an fear a scaoileadh saor faoi bhannaí, i bhfianaise chomh tromchúiseach is atá na coireanna atá curtha ina leith. Dúirt siad go raibh baol ann nach dtiocfadh an fear os comhair na cúirte arís nuair ba cheart dó, dar leo.

Dhiúltaigh an Breitheamh Roberts don iarratas agus cuireadh saor faoi choimeád é go dtí 6 Deireadh Fómhair.