Tá fiosrúchán curtha ar bun ag na Gardaí maidir le heachtra i gContae Liatroma inar tiomáineadh gluaisteán trí gheataí an Teachta Dála áitiúil, Martin Kenny, Sinn Féin.

D'fhreastáil na Gardaí ar láthair na heachtra inné, ag teach cónaithe an Teachta Dála i mBéal an Átha Móir.

Tuigtear gur tharla an eachtra ag 2am inné. Thug an Teachta Dála Kenny le fios gur chuir sé as go mór dá bhean chéile, agus go raibh sí an-suaite ina dhiaidh. Ag labhairt dó in agallamh leis na meáin, dúirt sé go raibh a bhean chéile sa mbaile nuair a tharla sé. Ghabh sé buíochas leis na Gardaí agus leis na seirbhísí otharcharr, a tháinig go sciobtha chuig an teach agus a chuaigh i ngleic leis an eachtra láithreach.

Tuigtear go bhfuil cóir leighis á cur san ospidéal ar thiománaí an ghluaisteáin.

I mí Dheireadh Fómhair 2019, cuireadh gluaisteán Martin Kenny trí thine taobh amuigh dá theach. Dúirt Uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald, ag an am gur gníomh gránna a bhí ann agus gur choirpigh iad siúd a bhí freagrach as.

Rinneadh bagairtí báis ar Martin Kenny roimhe seo freisin, mar gur labhair sé amach go poiblí i gcoinne ionsaithe a rinneadh ar an lucht iarrtha tearmainn in Éirinn.