D'fhógair Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, i Moscó inniu go bhfuil seilbh glactha ag an Rúis ar cheithre réigiún san Úcráin. Is ionann na réigiúin sin agus 15% de chríocha na hÚcráine.

Cuirfear tús leis an bpróiséas chun na ceantair a thabhairt isteach i gCónaidhm na Rúise go hoifigiúil sna laethanta amach romhainn, a dúirt an tUachtarán Putin.

Bhí reifrinn ar siúl in Zaporizhzhia, Kherson, Donetsk agus Luhansk inar cuireadh ceist ar na pobail iontu ar mhaith leo a bheith mar chuid den Rúis.

Dúirt Putin inniu go raibh "rogha shoiléir" déanta ag na pobail sna réigiúin sin nuair a léirigh siad gurbh fhearr leo a bheith faoi smacht Mhoscó.

Tá Cív agus an tIarthar go mór in amhras faoi thorthaí na reifreann seo, áfach, mar cuireadh iallach ar na pobail iontu vótáil ar son an Úcráin a fhágáil, a deir siad.

Idir an dá linn, maraíodh 25, ar a laghad, in ionsaí buamála ar ghluaisteáin de chuid sibhialtach, a bhí á dtiomáint i gconbhua i réigiún Zaporizhzhia. Tá Cív ag cur an mhilleáin ar an Rúis.

Maraíodh 25, ar a laghad, in ionsaí buamála ar ghluaisteáin de chuid sibhialtach, a bhí á dtiomáint i gconbhua i réigiún Zaporizhzhia.

Gortaíodh 28 san eachtra freisin. Dúirt gobharnóir réigiúnach Zaporizhzhia, Oleksandr Starukh, gur sibialtaigh a bhí iontu ar fad agus gurbh as an gceantar áitiúil dóibh.

Dúirt Vladimir Rogov - gur oifigeach in Zaporizhzhia é, atá ceaptha ag an gCreimil - gur eachtra sceimhlitheoireachta a bhí ann, go raibh an Úcráin freagrach as.

Dúirt Cív, áfach, go ndearna fórsaí de chuid na Rúise an t-ionsaí ar scuaine daoine i ngluaisteáin a bhí ag iarraidh an réigiún a fhágáil.

Tá bagairt déanta ag Vladimir Putin, go n-úsáidfidh sé airm núicléacha chun na ceithre réigiún a chosaint, más gá, nuair a bheas ionghabháil déanta orthu.