Sna Stáit Aontaithe, tá Spéirling Ian ag triall ó thuaidh agus meastar go dtiocfaidh sí i dtír don tarna huair i South Carolina.

Inné, bhí breis agus dhá mhilliún go leith duine gan cumhacht aibhléise in Florida mar gheall ar an Spéirling. Bhí na mílte duine sáinnithe ina dteach sa stát sin agus b'éigean do na seirbhísí éigeandála teacht i dtarrtháil orthu.

Cé go raibh neart na spéirlinge maolaithe go catagóir a haon, rinneadh uasghrádú uirthi arís iarnóin inné agus tá sí rangaithe ina spéirling arís.

Le gustaí gaoithe chomh láidir le 150 ciliméadar san uair, tá tuilte móra fágtha ina diaidh agus díobháil ollmhór déanta aici.

Tá Spéirling Ian ar cheann de na stoirmeacha is mó a bhuail na Stáit Aontaithe le blianta fada.

Meastar go mbualfaidh sí an talamh i South Carolina ag 6pm, am na hÉireann.