Tá airí fuinnimh an Aontais Eorpaigh le bualadh lena chéile inniu chun plé a dhéanamh ar an ngéarchéim san earnáil sin. Tá sé i gceist acu vótáil ar cháin amhantair a ghearradh ar bhrábúis mhóra na gcomhlachtaí fuinnimh feasta.
Tá cáin amhantair agus teorainn ar phraghsanna i measc na mbeartas a moladh sa mBruiséil an tseachtain seo caite, féachaint leis an ardú mór agus tobann atá tagtha ar phraghas fuinnimh a mhaolú. Tá baol ann go bhfuil cúlú eacnamaíochta i ndán don Eoraip de bharr na géarchéime seo.
I measc na gcánacha amhantair atá faoi chaibidil, moltar go ngearrfaí cáin sa mbreis ar aon bhrábús sa mbreis a bheas tuillte ag comhlachtaí breosla iontaise le linn 2022 agus 2023, i gcomparáid leis na brabúis a thuill siad le linn blianta eile. Moltar freisin go mbeadh laghdú éigeantach 5% ar úsáid fuinnimh le linn buaicthréimhsí praghsála.
Tá muinín léirithe ag taidhleoirí go vótálfaidh na hairí fuinnimh ar son na gcánacha amhantair inniu.
Ach fágann sin go fóill ceist na caidhpe praghais; moladh a bhfuil an Ghearmáin glan ina choinne.
D'iarr ceannairí ó chúig thír déag san Aontas Eorpach - An Fhrainc, an Iodáil agus an Pholainn ina measc - ar an mBruiséil an tseachtain seo teorainn ar phraghsanna mórdíola gáis a mholadh chun dul i ngleic leis an ráta boilscithe, atá ag méadú de shíor.
Ach deir na rialtais sa nGearmáin agus san Ísletír go mbeadh deacrachtaí ag tíortha san Aontas Eorpach soláthróirí a mhealladh, dá mbeadh teorainn ar an bpraghas gur féidir leo a íoc.