Tá sé fógartha ag laoch peile Dhún na nGall Neil McGee go bhfuil sé ag éirí as an imirt idirchontae.
Tá fear Ghaoth Dobhair ag imirt le foireann shinsir Dhún na nGall ó 2005 ach tá sé le díriú ar chúrsaí club amháin as seo amach.

Bhí sé mar chuid den fhoireann a ghrú Craobh na hÉireann in 2012 agus Craobh Uladh chúig huaire agus bhí sé ar fhoireann na hÉireann i bPeil na hAstráile sna blianta 2011, 2013 agus 2014 freisin.
Bronnadh trí ghradam All Star air chomh maith.