Tá cosaint déanta ag Príomhaire na Breataine Liz Truss ar an mionbhuiséad a d'fhógair Sainsailéar an Státchiste Kwasi Kwarteng an tseachtain seo caite atá tar éis na margaí domhanda a chur in aimhréidh.

Cosaint déanta ag Príomhaire na Breataine ar an mionbhuiséad a d'fhógair Sainsailéar an Státchiste

Dúirt Liz Truss gur theastaigh gníomh go pras le daoine sa mBreatain a chosaint ó phraghasanna arda fuinnimh agus le borradh a chur faoin ngeilleagar arís.

Níl Liz Truss mí fhéin sa bpost ach tá sí fhéin agus Sainsailéar an Státchiste faoi bhrú ollmhór anois mar gheall ar an tionchar a bhí ag ciorruithe cánach an Rialtais ar na margaí agus ar luach an phuint.