Tá breis agus dhá mhilliún go leith duine gan cumhacht aibhléise i bhFlorida Mheiriceá mar gheall ar Spéirling Ian a bhuail talamh ansin inné.

Cé go bhfuil neart na spéirlinge maolaithe go catagóir a haon tá na hÚdaráis ag féachaint anois an díobháil ollmhór atá déanta aici a mheas.

Le gustaí gaoithe chomh láidir le 150 míle san uair d'fhág an Spéirling tuilte móra ina diaidh.

Tá spéirling Ian ar cheann de na stoirmeacha is mó a bhuail na Stáit Aontaithe le blianta fada.

Spéirling Ian ar cheann de na stoirmeacha is mó a bhuail na Stáit Aontaithe le fada

Bhí Fort Myers in iar dheisceart Florida ar cheann de na háiteanna is measa a buaileadh.


Inniu Dúirt Gobharnóir an Stáit, Ron De Santis go raibh díobháil ollmhór déanta agus go bhfuil roinnt laethanta gránna i ndán.

Dúirt Uachtarán Mheiriceá Joe Biden tráthnóna go bhféadfadh an spéirling seo a bheith ar an gceann is measa a bhuail Florida riamh.

Dúirt Uachtarán Mheiriceá Joe Biden go bhféadfadh an spéirling seo a bheith ar an gceann is measa a bhuail Florida riamh

Tá feachtais chuardaigh agus tarrthála ar bun ó mhaidin agus tuairiscí ann go bhfuil go leor daoine sáinnithe i dtithe agus fágtha gan seirbhís ghutháin.

Foláireamh nua go mbuailfidh Spéirling Ian arís

Tá sé deimhnithe go hoifigiúil gur bhásaigh duine amháin sa stoirm, fear 74 bliain d'aois in aice le Orlando.

Tuairiscítear gur maraíodh daoine eile sa stoirm agus níl sé fógartha go hoifigiúil fós.

Tá tubaiste ollmhór fógartha ag Uachtarán Mheiriceá Joe Biden do Florida agus ciste tubaiste fógartha do scata ceantar.

Tá neart na spéirlinge anois maolaithe go stoirm chatagóir a haon.

Amárach bogfaidh sí i dtreo Georgia agus South Carolina.