Amárach tá Uachtarán na Rúise Vladimir Putin le freastal ar shearmanas oifigiúil lena léiriú go bhfuil cheithre cheantar faoi leith san Úcráin anois faoi smacht na Rúise.

Tá oifigigh atá i bhfabhar na Rúise ag maíomh gur vótáil daoine sna ceantair sin dul isteach faoi cheannas na Rúise.

Uachtarán na Rúise le freastal ar shearmanas lena léiriú go bhfuil 4 cheantar faoi leith san Úcráin faoi smacht na Rúise

Ach tá na reifrinn céanna cáinte go láidir ag an Úcráin agus ag tíortha an Iarthair.

Tá siadsan den tuairim gur reifrinn bréagacha iad na céanna a reáchtáladh san Ucráin agus gur sárú atá i gceist ar an dlí idirnáisiúnta.