Ghearr an Banc Ceannais fíneáil os cionn €100.5 milliún ar Bhanc na hÉireann mar gheall ar an mbealach ar loic siad a gcustaiméirí atá ar mhorgáistí rianúcháin.

Seo í an fhíneáil is mó ariamh atá gearrtha ag an mBanc Ceannais.

Fíneáil os cionn €100 milliún gearrtha ar Bhanc na hÉireann

Tá sé tugtha le fios ag an rialtóir go raibh impleachtaí ag gníomh Bhanc na hÉireann ar 15,900 custaiméir idir Mí Lúnasa 2004 agus Meitheamh 2022.

Is mar gheall ar an gcaoi a loic Banc na hÉireann ar chuistaiméirí tógadh leathchéad sealúchas ar láimh, 25 teach clainne ina measc.

D'admhaigh Banc na hÉireann go raibh 81 sárú rialála faoi leith i gceist.