Tá na Gardaí i gCorcaigh ag fiosrú eachtraí éagsúla inár bualadh faoi fheithiclí de chuid na nGardaí aréir.
Gortaíodh beirt Gharda sna heachtraí.

Ó tharla nár stop veain i gceantair Mhachain b'éigean gaireas a úsáid chun an fheithicil sin a stopadh.
Gabhadh fear sna 30í ina dhiaidh sin.
Tá an té sin á cheistiú faoi alt a 4 den Acht um Cheartas Coiriúil ag Stáisiún na Smachtlainne i gCorcaigh.
Deir na Gardaí go raibh roinnt daoine, leanaí ina measc sa veain ag an am agus gur tugadh iad ina dhiaidh sin chomh fada le hOspidéal na hOllscoile i gCorcaigh.
Tuairiscítear nach bhfuil aon nduine gortaithe go dona.
B'éigean cóir leighis a chur ar na Gardaí san ospidéal chomh maith.

Déanadh roinnt mhaith damáiste do dhá fheithicil na nGardaí agus déanadh damáiste freisin do thrí fheithicil eile.
Tá na Gardaí atá i mbun fiosraithe ag impí ar aon nduine a bhfuil aon eolas acu faoina heachtraí eagsúla, dul i dteagmháil leo.