Tá an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney dóchasach maidir le dul chun cinn ar an bPrótacal i ndiaidh cruinniú a bhí aige le Státrúnaí an Tuaiscirt, Chris Heaton-Harris, i gContae an Dúin inniu.

Dúirt an tAire Coveney go gcreideann sé go bhfuil an Ríocht Aontaithe sásta dul i mbun comhráití dáiríre maidir le Prótacal Thuaisceart Éireann agus go bhfuil sé dóchasach maidir leis an dul chun cinn gur féidir a dhéanamh.

Bhí cruinniú ag an Aire le Státrúnaí Thuaisceart Éireann Chris Heaton-Harris i gCromghlinn i gContae an Dúin.

Mhair na cainteanna tuairim is dhá uair an chloig, tráth gur phlé siad cúrsaí éagsúla, ina measc, Institiúidí Stormont a athbhunú, institiúidí nach bhfuil tar éis filleadh ó bhí toghcháin sa Tuaisceart i Mí na Bealtaine.

Dúirt an Státrúnaí Heaton-Harris muna mbíonn an Feidhmeannas ag obair arís roimh an 28 Deireadh Fómhair go mbeadh dualgas air faoin dlí toghchán eile a ghairm.

Tá an DUP ag diúltiú dul i mbun roinnt na cumhachta go dtí go raghfar i ngleic leis na fadhbanna atá acu maidir le Prótacal Thuaisceart Éireann.

Maíonn an DUP go ndéanann an Prótacal reatha seasamh bunreachtúla an Tuaiscirt taobh istigh den Ríocht Aontaithe níos laige agus go bhfuil tionchar aige ar chúrsaí trádála leis an mBreatain.

Deir lucht tacaíochta an phrótacail go dtéann sé i ngleic leis na fadhbanna a chruthaigh an Breatimeacht.

Dúirt an tAire Coveney go bhfuil na teachtaireachtaí atá ag teacht ó Londain an-difriúil ó na teachtaireachta a bhí ann cúpla mí ó shin agus go gcreideann sé go bhfuil Rialtas nua na Ríochta Aontaithe sásta dul i mbun cainte.