Phléadáil iar-chomhairleoir de chuid Shinn Féin ciontach sa Chúirt Choiriúil Speisialta inniu i ndúnmharú David Byrne a éascú ag Óstán an Regency i mBaile Átha Cliath i 2016.

Phléadáil Johathan Dowdall, 44 bliain d'aois, le seoladh baile ag Bóthar na hUaimhe, An Chabhrach, i mBaile Átha Cliath ciontach ar maidin i ndúnmharú David Byrne a éascú trí seomra óstáin a chur ar fáil do eagraíocht choiriúil nó baill na heagraíochta ar an 4ú Feabhra 2016.

Jonathan Dowdall

Phéadáil athair Jonathan Dowdall, Patrick Dowdall ciontach sa choir chéanna.

Gearrfar pianbhreith ar an mbeirt maidin Dé Luain.

Bhí Jonathan Dowdall le dul ar a thriail tráthnóna Dé Luain maidir le dúnmharú David Byrne i dteannta Gerard Hutch atá cúisithe sa dúnmharú chomh maith.

Tá beirt fhear eile, Paul Murphy, 59 bliain d'aois, agus Jason Bonney, 50 bliain d'aois, le cur ar a dtriail Dé Luain chomh maith agus iad cúisithe i ndúnmharú David Byrne a éascú trí feithiclí a chur ar fáil don eagraíocht choiriúil a dhúnmharaigh David Byrne.

Lámhacadh agus maraíodh David Byrne, a bhí 34 bliain d'aois ag Óstán an Regency ar bhóthar Shoird ar an 5ú lá do Feabhra 2016 nuair a chuaigh fir isteach san fhoirgneamh le linn meá dornálaíochta.