Tá sé ráite ag Ryanair go gcruthóidh siad suas le 2,000 post nua in Éirinn sna hocht mbliana amach rómhainn.

I measc na rólanna, beidh postanna do phíolótaí, foireann chabáin, innealtóirí agus forbróirí IT.

Tá sé beartaithe ag Ryanair líon na bpaisinéirí a bhíonn ag taisteal leis an aerlíne a mhéadú go mór agus súil acu go mbeidh 10 milliun duine breise ag eitilt le Ryanair faoin mbliain 2030.

Faoi láthair tá 2,600 duine fostaithe ag Ryanair in Éirinn agus 17,000 fostaithe lena gréasán eitilte go hidirnáisiúnta.

Fógraíodh an méid seo inniu agus tuarascáil nua eisithe ag Ryanair maidir le conas mar atá an aerlíne tar éis cur le geilleagar na hÉireann le 35 bliain anuas.

Ó 1985 tá 230 milliún paisinéir tugtha ag Ryanair isteach agus amach ón dtír.