Dheimhnigh an Rialtas agus TG4 inniu go bhfuil cainéal nua Ghaeilge do pháistí, Cúla4, le tosú ag craoladh an bhliain seo chugainn. Tá maoinú don chainéal nua curtha ar fáil i mbuiséad TG4 don bhliain 2023, agus ardú os cionn €7m tagtha ar an soláthar Stáit don stáisiún don bhliain seo chugainn le hais na bliana seo caite. Beidh an cainéal nua ag craoladh as Gaeilge ó 6am go dtí 8pm trathnóna.

Chuir Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont fáilte roimh an scéal:

"Agus muid de réir a chéile ag teacht amach as an bpaindéim agus ag tabhairt aghaidh ar ghéarchéimeanna domhanda eile, ní mór dúinn breathnú i dtreo na todhchaí agus ar an gcineál sochaí is mian linn a bhunú do na glúine atá le teacht. Ní mór dúinn smaoineamh freisin ar cén chaoi a bhforbróidh leanaí na cumais agus an chruthaitheacht a theastaíonn uathu. Tá na meáin ríthábhachtach d'fhorbairt thuiscint, dearcthaí agus rannpháirtíocht leanaí sa tsochaí. Caithfimid freastal ar leanaí agus daoine óga i spásanna sábháilte le hábhar iontaofa. Tá ról ar leith ag craoltóirí seirbhíse poiblí ina leith seo ach tá dúshlán breise roimh na meáin Ghaeilge agus iad in iomaíocht le haghaidh lucht féachana i margadh meán domhanda agus Béarla den chuid is mó.

Tá ról tábhachtach ag TG4 agus ag na meáin Ghaeilge agus eagraíochtaí ealaíon eile – i gcur chun cinn féiniúlacht agus saibhriú na bpobal Gaeilge agus i dtacú le tarchur na Gaeilge ó ghlúin go glúin. Mura dtacaítear leis na meáin Ghaeilge agus mura bhfuil siad feiceálach, so-aimsithe agus tarraingteach, tá an baol ann go gcaillfidh siad ábharthacht, go háirithe do lucht féachana óg na hÉireann atá ag fás aníos i dtimpeallacht na meán domhanda. Anois níos mó ná riamh, ní mór do TG4 ábharthacht ábhar Gaeilge a mhéadú agus freastal agus spreagadh a thabhairt don lucht féachana óg a chinnfidh todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail. Caithfimid seirbhísí TG4 do leanaí a shaibhriú, caidreamh leanaí le TG4 a neartú agus, leis sin, a gcaidreamh leis an nGaeilge a bhuanú."

Tá €7.3m euro breise curtha ar fáil do TG4 an bhliain seo chugainn, an t-ardú is mó riamh in aon bhliain amháin ó bunaíodh an stáisiún. Beidh leath don ardú sin dírithe go hiomláin ar an gcainéal nua.

Dúirt an tAire Catherine Martin sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán gur lá an speisialta atá ann do pháistí, múinteoirí agus tuismitheoirí, agus d'éinne gur spéis leo cur chun cinn na Gaeilge.

An tAire Jack Chambers agus an tAire Catherine Martin

D'fhógair TG4 in 2021 go raibh sé i gceist cainéal sainiúl do pháistí a bhunú.

Tá daoine óga a bhfuil Gaeilge acu ag fás aníos i dtimpeallacht na meán domhanda, ina bhfuil an Béarla in uachtar. Tabharfaidh cainéal nua Cúla4 teagmháil rialta don óige leis an nGaeilge.

Meastar go bhféadfadh an cainéal nua suas le 200 post nua a chruthú in imeacht ama. Dúirt Lís Ní Dhálaigh Bainisteoir Margaíochta & Forbartha, TG4 go beidh foireann beag daoine fostaithe i gceannáras TG4 don chainéal nua, ach go mbeidh formhór na bpostanna nua á gcruthú san earnáil neamhspleách a bheidh ag cur cláracha nua ar fáil don chainéal.

Cuireadh tús leis an obair sin in 2022 agus ceapadh Karina Feirtéar ina bainisteoir ar Cúla4.

Thosaigh Niamh Ní Chróinín mar láithreoir nua ar Cúla4 agus beidh sí ina ambasadóir don óige ar TG4.

Niamh Ní Chróinín, láithreoir nua ar Cúla4

Tá sé i gceist freisin cur leis na cláracha a sholáthraíonn an earnáil léiriúcháin a fhorbairt agus cur leis an ábhar nua sa sceideal agus ar na hardáin neamhlíneacha atá dírithe ar pháistí.

Idir an dá linn, ag preasócáid i dTithe an Rialtais ar maidin, tugadh briseadh síos mion inniu ar an gcaiteachas in earnáil na Gaeilge don bhliain seo chugainn. Tá ciste nua le bunú in iarracht cuidiú leis an tseirbhís phoiblí an sprioc 20% d'earcaithe nua a bheith inniúil i nGaeilge a bhaint amach faoi 2030.

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán go bhfuil milliún euro luaite leis an togra.

Bhí Sinn Féin cáinteach faoin gcaiteachas atá ceadaithe don Ghaeilge sa Bhuiséad. Dúirt an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh gur náireach an scéal nár tugadh breis maoinithe d’Udarás na Gaeltachta, faoi mar bhí á lorg acu.

Tá na hAirí ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le ceisteanna a thógáil sa Dáil amárach agus deis acu, agus an freasúra, tuilleadh cur agus cúiteamh a dhéanamh faoin gcaiteachas ar an nGaeilge an bhliain seo chugainn.