Deir an Tánaiste Leo Varadkar nach dóigh leis go mbeidh gá le mion-bhuiséad an bhliain seo chugainn.

Ag labhairt do ar an gclár Raidió Morning Ireland ar RTÉ ar maidin, dúirt an Tánaiste go n-íocfar dhá cheann don trí chreidmheas fuinnimh a fógraíodh inné le daoine an bhliain seo chugainn agus cé go bhfuil seans ann go dtitfidh praghsanna fuinnimh faoi mhí Feabhra na bliana seo chugainn, níl sé seo cinnte, a deir an Tánaiste.

Sin an chúis a deir an Tánaiste go gcaithfear 'airgead a chur sa tanc' agus go bhfuil dhá bhilliún curtha isteach i gCiste Lá na báistí acu dá bharr.

Dúirt Leo Varakdar go mbeadh an Rialtas an-neirbhíseach faoi chaidhp phraghais a chur i bhfeidhm ar chúrsaí fuinnimh, faoi mar atá molta ag Sinn Féin.

Mar sin féin, dúirt an Tánaiste má leanann praghsanna ag ardú go mbeidh ar an Rialtas féachaint ar chúrsaí arís sa bhliain nua.

Inniu dúirt an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe go bhfuil an tír anois i dtréimhse neamhchinnte agus gur cheart go gcabhródh an Buiséad a fógraíodh inné le daoine sna sé mhí atá romhainn agus go mbeidh roinnt athraithe buan i gceist an bhliain seo chugainn.

An tAire Airgeadais, Paschal Donohoe

Beidh comhlacht ar bith atá in ann a thaispeáint go bhfuil a gcuid billí fuinnimh ardaithe in ann 40% den chostas nó níos mó a fháíl ar ais a deir sé faoi scéim nua a fógraíodh sa cháináisnéis.

Dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Michael McGrath nach bhfuil sé i gceist ag an Rialtas airgead a thógaint amach as an gciste farasbairr.

An tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Michael McGrath

Dúirt sé gur pacáiste maith atá i mBuiséad an lae inné agus go gcuirfidh sé tacaíocht riachtanach ar fáil do dhaoine.