Bhí muintir Florida ar chósta thoir Mheiriceá ag ullmhú inniu do thuilte móra agus spéirling Ian tagtha i dtír ann. Neartaigh an spéirling agus é ag teacht i dtír i Florida inniu agus gustaí gaoithe suas le 115mph san uair léi.

Níor bhuail spéirling an ceantar seo le breis agus 100 bliain agus tá ordú tugtha d'áitritheoirí áiteanna cois cósta a fhágáil chomh maith le ceantair eile atá ar thalamh íseal.

Meastar go mbeidh an díobháil is measa i Florida idir chathracha Fort Myers agus Tampa.

Tá páirceanna siamsaíochta ar nós Disney World, Sea World agus Gairdíní Busch ar fad dúnta agus seoladh roicéid a bhí beartaithe ag Nasa ó Ionad Spáis Kennedy curtha ar athló.

Beidh báisteach throm agus gaoth fórsa hairicín leis an Stoirm. Tá sé tuartha go dtitfidh suas le leath mhéadar báistí i gcroílár Florida taobh istigh do 24 uair an chloig i ndiaidh do Spéirling Ian an Stát a bhaint amach.

Tá muintir Chúba ar fad fágtha gan aon aibhléis i ndiaidh na spéirlinge agus scata damáiste déanta ag Spéirling Ian ar an oileán.

Tuairiscítear go bhfuil Spéirling Ian neartaithe anois go dtí fórsa stoirme 4.