Tá Gardaí i gContae an Chláir ag leanúint orthu lena bhfiosrúchán maidir le heachtra foréigneach inar gortaíodh bean agus cailín óg go dona.
Fuarthas an cailín óg atá ocht mbliana d'aois agus an bhean i dtigh i nDroichead an Chláir ar imeall bhaile na hInse maidin inné agus iad beirt gortaithe go dona. Thangthas ar an mbeirt go gairid roimh 8am.

Tugadh an bhean agus an cailín go hOspidéal Ollscoile Luimnigh. Tá an cailín beag anois aistrithe go dtí Ospidéal na Leanaí i gCromghlinn i mBleá Claith chun go gcuirfí cóir leighis speisialta uirthi.

Is ón Úcráin don bhean agus don gcailín agus tuigtear go raibh siad ag fanacht in áitreabh ar imeall bhaile na hInse ina bhfuil teifigh eile atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin lonnaithe.
Tá fiosrúchán ag leanúint ar aghaidh inniu féachaint a fháil amach cad go díreach a tharla don mbeirt.

Tuigtear gur máthair an chailín óig atá sa bhean a gortaíodh. Fuarthas í gan aithne gan urlabhra sa teach maidin inné.
Tá seomra teagmhais bunaithe ag Gardaí in Inis, áit go bhfuil ceanncheathrú an fhiosrúcháin lonnaithe.