Tá an tAire Caiteachais Phoiblí,Michael McGrath i ndiaidh a aithisc féin a thabhairt os comhair na Dála tráthnóna maidir le Buiséad 2023.Is fiú €1bn an pacáiste coimirce sóisialaí atá fógraithe aige.

Tá €12 d'ardú sa tseachtain le fáil ag an té atá ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh.

Íocaíocht Teaghlaigh i bhFostaíocht, tá sé sin le meadú €40 sa tseachtain.

Tá níos mó teaghlaigh le leas a bhaint as an Liúntas Breosla.

Dóibh siúd os cionn 70 bliain d'aois, ardófar an teora faoina gceadófar an Liúntas Breosla go €500 do dhaoine aonair agus €1000 do lánúineacha.

Dúirt an tAire McGrath go léiríonn na beartais seo ar fad atá fógraithe ag an Rialtas inniu 'go bhfuil tacaíocht an-láidir agus an-suntasach ann ón Stát ina dtreo siúd is mó atá leochailleach sa sochaí'.