Tá an tAire Airgeadais,Paschal Donohue ar a chosa sa Dáil ag fógairt Buiséid 2023.
Tá sé ráite ag an Aire go mbeidh an buiséad seo cinniúnach do shaol an phobail agus na heacnamaíochta anseo.
'Is fiú €11bn an buiséad seo agus beidh €300m ar fáil do bheartais tacaíochta pobail' a dúirt sé.
€6.9bn atá luaite le caiteachas agus cáin Leanúnach.
€4.1bn á chur go leataobh as seo go ceann bliana le beartais aonuaire a íoc.
Tá an bhun-bhanda chánach le leathnú.
€40,000+ sa bhliain a bheidh i gceist i gcás tuarastail anois sula ngearrfar an cháin is airde.
Fágfaidh sé sin €800 sa mbreis sa bpóca ag duine atá ag obair agus €1,600 i gcás lánúin.
Tá €75 le cur leis an gCreidmheas Pearsanta Cánach.
Ó thaobh an Mhuirear Sóisialta Uilíoch, ardófar an banda is ísle, le nach gcaillfidh daoine ar an íosphá náisiúnta, an tairbhe a bheas ann dhóibh nuair a ardófar an pá go dtí €11.30 in aghaidh na huaire faoi cheann ráithe.
Dúirt an tAire Donohue go gcaithfeadh cothromaíocht a bheith ann idir an costas maireachtála a choinneáil faoi smacht agus a chinntiú nach in olcas a rachaidh an ráta boilscithe.
Beidh creidmheas cánach ar fáil do dhaoine a bhfuil áras ar cíos acu; €500 i 2022 agus €500 i 2023.
Tá síneadh ama curtha leis an Scéim Cúnamh chun Ceannacht, go deireadh 2024.
Maidir le tithe atá díomhaoin gearrfar cáin nó luach thrí oiread an Cháin Mhaoine ar na h-áiteanna sin.
Gearrfar 50c sa bhreis ar scór toitíní ó mheánoíche.
Ní bheidh aon athrú ar an dleacht ar ól.
Mairfidh an laghdú ar an dleacht ar bhreosla fheithiclí go deireadh Mí Feabhra.