Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur faoiseamh iad na socruithe seo atá i mBuiséad 2023 do theaghlaigh,do dhaoine óga agus don dream is mó a bhfuil fadhbanna i dtaca le costas maireachtála ag goilliúint orthu.

'Laghdófar costais agus sábhálfar postanna de bharr an bhuiséid seo' a dúirt sé.

Thug sé le fios go bhfuil Buiséad 2023 dírithe den chuid is mó le dul i ngleic leis an ardú atá tagtha ar an gcostas maireachtála chomh maith leis an ngéarchéim i gcúrsaí fuinnimh.