Tuigtear go bhfógrófar sa mbuiséad amárach go bhfuil laghdú 25% le teacht ar chostais chúram leanaí.

Tá súil freisin le hardú €12 in aghaidh na seachtaine ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh.

Tiocfaidh laghdú €1,000 ar tháillí mac léinn.

Bhí ceannairí na bpáirtithe comhrialtais agus na hAirí Caiteachais Phoiblí agus Airgeadais, Michael McGrath agus Pascal Donohue ag déanamh plé aréir ar na nithe deireanacha atá fós le socrú sa mbuiséad, agus bhí na cainteanna fós ar siúl go moch ar maidin.

Leanfar leis an laghdú ar chostais ticéidí iompair phoiblí an bhliain seo chugainn. Bhí sé seo mar phriaracht ag an gComhaontas Glas.

Tá beartais áirithe le theacht i bhfeidhm a leanfar leo i ndiaidh 2023, mar shampla leabhair scoile saor in aisce go leanaí bunscoile. Ach íocfar pacáiste beartas amárach nach bhfuil le híoc leis an bpobal ach uair amháin, roimh dheireadh 2022. Tá gá lena leithéid i bhfianaise an ardaithe atá tagtha ar an gcostas maireachtála.

Tuigtear go n-ardófar an ráta cánach ag a n-íoctar 40% ar ioncam go dtí €40,000.

Tá súil go n-íocfar íocaíochtaí dúbáilte leasa shóisialaigh uair amháin, ach go bhfógrófar ardú buan freisin ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh, a thiocfaidh i bhfeidhm i 2023.

Tá creidmheas cánach le fógairt do dhaoine a íocann cíos agus tá beartais á socrú go ghnólachtaí beaga freisin.

Tá creidmheas fuinnimh le híoc le teaghlaigh, ach tá an freasúra i bhfábhar teorainn a chur ar bhillí gáis agus leictreachais.

€6.7bn atá le caitheamh sa mbuiséad.