San Iodáil, tá sé ráite ag Giorgia Meloni go dteastaíonn uaithi a bheith ina príomhaire do chách, i ndiaidh dá páirtí - atá ar an eite fíordheis - 26% de vótaí a mhealladh i dtoghchán an lae inné.

Tá sí mar cheannaire ar pháirtí ar a dtugtar Fratelli d'Italia, atá Eoraisceipteach. Ón Dara Cogadh Domhanda, ní raibh páirtí a bhí chomh claonta sin i leith na heite deise i gcumhacht.

Tá a páirtí mar chuid de chomhghuaillíocht den eite dheis, atá comhdéanta de Fratelli d'Italia, de Lega (go bhfuil Matteo Salvini, iar leasphríomhaire na tíre, i gceannas air) agus d'Forza Italia (go bhfuil iar-phríomhaire na Iodáile, Silvio Berlusconi, i gceannas air).

Chaith duine amháin as gach ceathrar vóta ar son Fratelli d'Italia.

Beidh Georgia Meloni ar an gcéad bhean i bpost an phríomhaire i stair na hIodáile.

Dia, tír agus teaghlach na trí mhór chúiseanna a bhí i manna toghchánaíochta agus fealsúnachta Fratellii d'Italia. Tá ceangal stairiúil ag an bpáirtí leis an ngluaiseacht iar-fhaisisteachais a bhunaigh lucht tacaíochta an deachtóra Benito Mussolini, agus cé go bhfuil Meloni i ndiaidh a cuid tuairimí a mhaolú cuid mhaith le roinnt blianta, samhlaíonn muintir na hIodáile í go fóill leis an idé-eolaíocht sin.

Tá sí tarraingthe siar beagán ón éileamh a rinne sí go bhfágfadh an Iodáil córas airgeadra an Euro, ach creideann sí go láidir gur chóir go mbeadh saoirse ag an Iodáil diúltú do dhlíthe na Bruiséile agus gur chóir go mbeadh an Iodáil ag diúltú glacadh le himirceoirí áirithe. Bíonn sí ag caint ar "idé-eolaíocht airdill" an phobail LADT agus ar an "bhforéigean a bhaineann le hIoslam."