Fógrófar sa bhuiséad amárach go bhfuil an Stát chun leabhair scoile saor in aisce a thabhairt do leanaí in aois bhunscoile ó Mheán Fómhair seo chugainn.

Níor tharla sé riamh sa tír seo gur ghlac an Stát an fhreagracht sin orthu féin. Fágfaidh an beartas seo go mbeidh Éirinn ar aon dul le tíortha eile san Aontas Eorpach agus ar fud an domhain.

Tá sé tugtha le fios ag an Roinn Oideachais go bhfuil €47m curtha ar leataobh sa bhuiséad lena aghaidh. Ach tuigtear gur cleachtas buan a bheas ann, a leanfar leis i ndiaidh na bliana seo chugainn.

Tiocfaidh sé seo sna sála ar scéim phíolótach a bhí i bhfeidhm le dhá bhliain anuas i gcuid de na scoileanna is mó atá faoi mhibhuntáiste sa tír agus faoina dtugtaí leabhair saor ina aisce do na leanaí iontu.

Tá maoiniú déanta roimhe seo freisin ag an Stát ar dheontais leabhar scoile agus ar scéimeanna cíosa leabhar.

Ach fós féin, tuairiscítear gach bliain gur ualach trom do thuismitheoirí iad na costais a bhaineann le leabhair nua a cheannach agus a leanaí ag filleadh ar scoil.

Deir an cumann carthanachta, Barnardo's, gur ar an meán, go gcaitheann gach tuismitheoir €110 ar leabhair gach linbh.

Tuigtear go bhfógrófar laghdú freisin sa mbuiséad amárach ar an gcóimheas idir leanaí agus múinteoirí. 23 leanbh a bheas faoi chúram aon mhúinteora amháin feasta.