Tá Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Chris Heaton-Harris cáinte ag grúpa feachtais ar shon daoine a maraíodh le linn na dTrioblóidí de bhrí gur dhiúltaigh sé cuireadh a bheith i láthair ag scannán faoin bhail a d'fhág na maruithe ar ocht dteaghlach.

Tugadh cuireadh do Chris Heaton-Harris amharc ar an scannán The Victims' Stories i gcuideachta ghaolta agus lucht tacaíochta na marbh Déardaoin seo chugainn in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste.

Ach dúirt a oifig le lucht eagraithe na h-ócáide nach mbeidh sé ar a chumas a bheith ann de bhrí nach mbeidh sé i dTuaisceart Éireann ag an am. D'iarr an Stát-Rúnaí go gcuirfí cóip den scannán chuige le go mbeadh sé ábalta amharc ar an scannán go príobháideach ina am féin.

D'iarr a oifig chomh maith go gcuirfí an Stát-Rúnaí ar an eolas dá mbeifí leis an scannán a thaispeáint i dTeacht na dTeachtaí i Westminster.

Is cuid é an scannán d'fheachtas in éadan phleananna Rialtas na Breataine deireadh a chur le hionchúisimh a bhaineann le maruithe a rinneadh le linn na dTrioblóidí - seo cinneadh a deir lucht feachtais agus Rialtas na hÉireann atá chomh maith le maithiúnas a bhronnadh.

Tá freagra an Stát-Rúnaí cáinte ag Raymond McCord, duine de na gaolta a insíonn a scéal sa scannán.

Maraíodh a mhac, Raymond óg, nuair a thug drong ón ghrúpa dílseach paramíleata an UVF bascadh dó i mí na Samhna 1997.

"Níl sé ach turas gairid eitleán ar shiúl uainn," a dúirt Raymond McCord. "A leithéid de mhasla d'íobartaigh. Bille gránna á thabhairt faoi bhráid na Parlaiminte a dhéanfaidh leatrom ar íobartaigh agus a cheadóidh saoirse do dhúnmharfóir agus cead dóibh a rogha rud a dhéanamh."

Dúirt sé go bhfuil sé dochreidte nach mbeidh an Stát-Rúnaí úr i láthair nuair a thaispeánfar an scannán go poiblí den chéad uair. "Agus anuas air sin ní mheasann oiread is aire amháin rialtais gur fiú turas eitleáin an scannán."

Táthar leis an scannán a thaispeáint do Theachtaí Dála agus do Sheanadóirí i dTeach Laighean Dé Céadaoin seo chugainn.