Tá bonn cré-umha buaite ag Sanita Puspure agus Zoe Hyde i rás céasla dúbailte na mban ag Craobhchomórtais Rámhaíochta an Domhain i Racice, i bPoblacht na Seice.

Bhí an bheirt Éireannach díreach chun cinn ar a gcéilí comhraic ón Ostair. Is iad an Rómáin a chroch an bonn óir agus foireann na hÍsiltíre sna sálaí acu.

Is curadh Domhanda agus Eorpach í Sanita Puspure cheana féin sa chéasla aonair ar shon na hÉireann agus bhí sí ag dúil go mór le bheith san iomaíocht sa chomórtas dúbailte le bean Chumann Rámhaíochta Chill Orglan.

Thug Puspure le fios inniu go raibh sí ar tí éirí as an spórt nuair nár éirigh go maith léi sna Cluichí Oilimpeacha i dTóiceó anuraidh. Ach dúirt sí gur cuireadh brí nua inti nuair a shocraigh an príomh cóitseálaí ban Giuseppe De Vita í a chur i mbun iomraimh le Zoe Hyde.